An Spailpín Fánach

Line
Melody -
Line

Tá na Francaigh anois istigh i gCill Ala
Agus beimid go leathan láidir;
Tá Bonaparte i gCaisleán an Bharraigh
Ag iarraidh an dlí a cheap Sáirséal.
Beidh beairicí an rí ins gach aon-oiche trí lasadh
Agus yeomen againn ar garda,
Puiceanna an Bhéarla go síorroí dá leagan
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach.

2. B’fhaide liom lá a bheinn i dtír gan chara
Ná bliain mhór fhada is ráithe,
Ag baint na díogan is dá síor-chartadh
Go dté an ghrian ina háras.
Glacfad fís ó rí na gCraipí;
Beidh spíc agus cleith ins gach láimh liom;
Agus ar an tsráid seo arís ní ghlaofar m’ainm
Cá gcónaíonn an Spailpín Fánach?

3. In Inis a bhíos is mo chúl le balla
Agus arís go dtí lá ‘r na mhárach.
Mná na leannta ag glaoch isteach orm,
Súil is go n-ólfainn mo phá(ighe).
Tháinig mé isteach is deamhan pingin a bhí i mo bhealach
Agus mé go leathan láidir;
Is deamhan cárt dí a gheobhainn ar m’fhocal
Mar bhí mé ‘mo Spailpín Fánach.

4. Is d’ardaigh mé mo láí liom suas go Gaillimh
Is mé ag gabháil ag saothrú pá(ighe),
I gContae an Rí ba mhain liom seasamh
Ach ní bhfaighinn ann bia ná pá(ighe).
Ar chuanta Bh’l’ Átha Cliath a liath mo phlaite
Is nárbh é sin an t-aistear náireach?
Ach i measc mo ghaolta, pósfaidh mé featsa
Is ní bheidh mé ‘mo Spailpín Fánach.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line