Dónall Óg or Young Donald

Line
Melody -
Line

A Dhónaill Óig, má théir thar farraige
Beir mé féin leat 's ná deán dom dear(a)mad
Beidh agat féirín lá aonaigh 'gus mar(a)gaidh
Agus níon Rí Gréige mar chéile leapa 'gat.

2. Gheall tú dom-sa ní nach dearn tú
Fáinne óir a chur ar 'ach méar domh
Seisreach óir fána hanlaí airgid
Agud muileann siúchra ar 'ach sruth in Éirinn.

3. B'fhurast dom aithne nach tú bhí i ndán dom
Chuir tú amach mé oíche na báistí
Bhain truisle dom-sa ag giall na bearnadh
Char dhúirt tú Dia liom 's char chraith tú lámh liom.

4. Bhain tú soir 'gus bhain tú siar dom
Bhain tú romham is bhain tú mo dhiaidh dom
Bhain tú 'n ghealach is bhain tú an ghrian dom
'S is ró-mhór m'eagla gur bhain tú Dia dom.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line