Péigín Leitir Móir

Line
Melody -
Line

Curfá:
'S ó gairm gaoirm í, is gairim í mo stór
Míle ghrá le m' ainm í 'sí Peigín Leitir Móir.

Tá Bríd agam, tá Cáit agam, 'sí Péig an bhean is fearr,
Cibé fear a gheobhfas í, nach air a bheas an t-ádh
Curfá:

2. Chuir mé scéala siar aici go ceannóinn dí bád mór.
'Sé an sceal a chuir sí aniar agam go ndéanfadh leathbhád seoil.
Curfá:

3. Is tá iascairí na Gaillimhe ag teacht aniar le cóir,
Le solas gealaí gile nó go bhfeicfidís an tseóid.
Curfá:

4. Eirigh suas a Pheigín agus seas ar bharr an aird,
Comhairigh do chuid bulláin aguis féach an bhfuil siad ann.

Line

Line