Má Théid Tú 'un Aonaigh

Line
Melody -
Line

Má théid tú 'un aonaigh bíodh do chaora leat, a h-olann, is a h-uan
Má bhíonn tú díomhaoin bíodh do mhian leat ar thoiseach a' tslóigh
O bí aoibheall geanúil caoíúil 'gus molfar as sin thú
Ní h-í 'n mhaoin a bhéarfas i dtír thú 'gus ná mealltar léithe thú.

2. Oró annsacht cérbh annsa leat fear eil' agat ná mé
'S gur tú 'n planta beag a shanntaigh mé i dtoiseach mo ré
Thug mé fancy duit gan amhras mar bhí mé óg gan chéill
'S focal cainnte ná rabh insa chionn údaí a mholfadh duit ach mé.

3. Teacht an erraigh ceannóchad talamh's dheánfad fárus beag domh féin
'S beidh mo mhuinntir a shíormholadh domh gur críonn' a rinn mis' é
Níl ach moladh ar mhná'n domhain agus beidh mo mhian agam féin
Ní h-í an mhaoin atá mé a shanntú, ach a cáilíocht 'sa méin.

4. A cheád-searc, sa chéad searc cá gcodlann tú san oích'
Nó nach léir duit na saighde atá a' polladh in mo chroí
Tá ní éigin a' mo bhuaradh, 's an fhearthainn a' mo chloí
Agus mé 'g éisteacht le h-éanacha na coilleadh 'g gabháil a luí.

Line

Line