Is Fada ó Bhaile a d'Aithneoinn or It's Far from Home I'd Know You

Line
Melody -
Line

Is fad' ó bhaile a d'aithneoinn féin do shiúl
Do chúl dubh daite faoi hata glan éadrom úr
Bhíodh blas na meala 'ach aon mhaidin ar phóig mo rún
Roimhe Shamhain gan amhras beidh faire orm féin le cumhaidh.

2. Nuair a éirím ar maidin is théim go cúl an toigh'
Is amharcaim le fada ar an taoibh úd a bhfeicinn mo mhian
Ach 'nois tá mé réidh leis go ndeántar dom cónair chaol
Is go bhfásann an neantóg 's an féar glas fríd lár mo chroí.

3. A shúil is glaise ná'n coiscreach nuair is úire a bláth
Scéal cinnte go gcaoinfinn gan staonadh dá gcluinfinn do dháil
Feara Éireann 's dá mbeadh siad cruinn ar aon chnoc amháin
A ghrá, dá bhféadfainn, 's tú féin 'bheadh agam ar láimh.

4. Tabhair mo mhallacht do d'athair 's do do mháthair féin
Nach dtug beagán tuigse duit-se le mo lámh a léamh
Go moch ar maidin a chuirfinnse chugat brí mo scéil
Fá mo leithscéal a ghlacadh go gcasfaí duit in uaigneas mé.

Line

Line