Dhonncha Bán

Line
Melody -
Line

Is ar an mbaile seo chonaic sibh an t-ionadh
Ar Dhonncha Bán is é á dhaoradh,
Bhí caipín bán air in áit a hata,
Is róipín cnáibe in áit a charabhata.

2. Tá mé ag teacht ar feadh na hoíche
Mar bheadh uainín i measc seilbh mhóir caorach,
Mo bhrollach foscailte ‘s mo cheann liom scaoilte,
‘S cá bhfaighinn mo dheartháirín romham ach sínte!

3. Chaoin mé an chéad dreas ag gob a’ locha,
‘S an dara dreas ag bun do chroiche,
An tríú dreas ag ceann do choirp-se,
I measc na nGall ‘s mo cheann á scoilteadh.

4. Dá mbeifeá agamsa san áit ar chóir duit,
Thíos i Sligeach nó i mBaile an Róba,
Bhrisfí an chroch, ghearrfaí an rópa,
‘S ligfí Donncha Bán abhaile ar an eolas.

5. A Dhonncha Bháin níorbh é an chroch ba dhual duit,
Ach dul chuig an scioból ‘s d’easair a bhualadh,
An céachta d’iompú, deiseal’s tuathal
‘S an taobh dhearg den fhód a chur in uachtar.

6. A Dhonncha Bháin, a dheartháirín dílis,
Is maith atá ‘s agam siúd a bhain díom thú;
Ag ól an chupáin, ag deargadh an phíopa
‘S ag siúl an drúchta le com na hoíche.

7. A Mhic Uí Mhultháin, a sciúrsa an mhí-ádh
Ní lao bó bradaí a bhí in mo dheartáir,
Ach buachaillín cruinn-deas ar chnoc ‘s ar chnocán
A bhainfeadh fuaim go bog binn as camán.

8. ‘S a Dhonncha Bháin nach é sin an buaireadh
Agus ‘fheabhas is d’iomprófá spoir is buatais!
Chuirfinn éadach faiseanta ort, den éadach ba bhuaine,
Agus chuirfinn amach thú mar mhac duine uasial.

9. A Mhic Uí Mhultháin! ná raibh do chlann mhac i bhfochair a chéile,
Ná do chlann iníon ag iarraidh spré ort!
Tá dhá cheann an chláir folamh, ‘s an t-urlár líonta,
Is Donncha Bán, mo dheartháirín, sínte.

10. Tá spré Dhonncha Bháin ag tíocht abhaile
Agus ní ba, caoirigh é ná capaill,
Ach tobac ‘s píopaí ‘s coinnle geala,
‘S ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite.

Line

Line