An Gunnadóir Mac Aoidh

Line
Melody -
Line

Eoghan Ó Tuairisc

I mBaile an Muc, Dé Sathairn, chailleamar an lá,
Nuair a ghéill an ginearál Francach is a shaighdiúirí don námhaid.
Bhíomar féin ar Shean-mhullach os comhair arm mór an Rí.
"Go ndírí Dia an t-urchar," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

2. Réab an liathróid iarainn a bealach tríd an aer;
Bhuail i measc an phúdair is séideadh é go spéir;
Is d’eirigh ceo an phléasctha gur chlúdaigh sé an ghrian:
"Mo ghrá go deo an t-iarann," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

3. Ach b’shin an liathróid deiridh a bhí fágtha againn ar chlár;
Bhriseamar buiceidí, potaí, ciotail, cannaí stáin;
Baineadh tairní as bróga, cuireadh cnaipí ins an líon:
"Tá goile láidir ag an ngunna," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

4. Briseadh carráiste beag an ghunna le hurchar na nGall;
Bhí an roth ina smidiríní, bhí an bairille ar sceabha,
Léimeadar chun gnímh, Taimí, Paidí agus Liam:
"Cuirigí na guaillí fúithi," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

5. "Seo chugainn an Coirnéal Crawford," – chuir sé lasán chuig an bpoll;
Is a Dhia! nárbh uafásach an t-ár i measc na nGall –
Píosaí de photaí réabtha ina gceathanna le gaoth.
"Tá tasc ansúd don tincéir," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

6. Ach nár thrua linn an t-amharc nuair a ghlan an smúit ina dhiadh!
Bhí an triúr fear gan anam – Taimí, Paidí agus Liam!
Ghluais na mílte Sasanach dár n-ionsaí ar gach taobh
"Tá deireadh leis an gcluiche," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

7. I mBaile na Muc, Dé Sathairn, chailleamar an lá;
Ach ar éacht an Ghunnadóra beidh trácht go lá an bhráth.’
Ar chrann boltraí a crochadh é ‘s an ghrian ag dul ‘na luí:
"A Chríost, bí liom den dul seo," ars’ an Gunnadóir Mac Aoidh.

Line

Line