Dónall Ó Maoláine or Donald O'Mullen

Line
Melody -
Line

Eadar Caiseal agus Úr-choill a casadh domh an cúilín
'S í a' teacht go ciúin céillí fá mo choinne sa ród
Rug mé greim cúl uirthi agus leag mé ar an driúcht í
Agus d'fhág mé a croí dúnta aici is í 'sileadh na ndeor.

2. O seachtain ón lá sin a casadh domh an páiste
'S í a' teacht go ciúin céilli fá mo choinne sa ród
Rug sí greim láimh' orm agus chuir sí romham fáilte
Caidé mar tá do shláinte agatsa 'óganaigh óig?

3. Seo litir ó m'athair agus beannacht ó mo mháthair
'S bí a' teacht liom 'na h-áite feasta níos mó
Gheobhaidh tú na táinte agus maoin-chruth gan áireamh
Is mise ar láimh leat maidin 'gus neóin.

4. O, leoga, a pháiste, ba doiligh liom a rá leat
Sin athrú nach ndeánfainn ar dhá mhíle bó
Ach a b'é go bhfuil mé dálta le bliain mhór agus fáithe
Le níon Sheoin Mhic Daibhid i gConndae Mhuigh Eo.

5. O deán thusa a' méid sin is ní miste liom féin é
Ní folamh 'tá Eirinn nó tá d'athrú le fáil
Ach gur inis tú do'm bhéal-sa gur mheall tú na céadtaí
'S go nglacfá mé 'mo léinidh gidh nach folamh atáim.

6. 'S a Rí Mhóir na páirte dá mbeadh agam páiste
Caidé dheánfainn 'dhíobháil athara do mo leanbhán óg?
Mise Dónall Ó Maoláine 's ná ceil ar fhearaibh Fáil mé
Is gheobhaidh tú ar an tSliabh Bhán mé i gConndae Mhuigh Eo.

7. 'S ar an bhaile seo tá'n cúilín, sí Máire dheas mhúinte í
Sí an bruinneal í is uaisle 'á dtáinig ó mhnáibh
Sí mo shearc í, sí mo rún í, sí m'annsacht 'ach uair í
Sí an samhradh is an fuacht í eadar Nollaig is Cáisc.

Line

Line