Do Chuala Scéal

Line
Melody -
Line

Mícheál Óg Ó Longáin

Do chuala scéal do réab mo chroí ionam
Is d’ardaigh guais is gruaim ar m’intinn,
Scéal do léan fir Éireann timpeall
Is ler cuireadh Fódhla i mbrón gan scaoileadh.

2. A Chlanna Gael, sin réidh sibh choíche;
D’imigh bhur dtreoir, níl speois ná brí ionaibh
Sin é an Gearaltach ceangailte i ngeimhleach
Is Artúr uasal uaibh thar taoide.

3. Níl rí-fhlaith stáit le fáil san tír seo
Lenar mhaith bhur nglas a scaoileadh,
Ná fuil mí-ádh agus díobháil nimhe air
Is an chinniúint dá chiorrú is dá chloíchaint.

4. Ní hionadh liomsa búir go haoibhinn
Gan baol, gan bascadh, gan mairg i gCríoch Loirc,
Is gur sibh féin atá, cé náir le hinsint,
Ag braith a chéile do thréad na gclaoin-bheart.

5. Iarraim, aitim is screadaim ar Íosa,
Is go raibh an geall ar namhaid ár dtíre;
Go raibh baol is léan is líonrith,
Ar gach spreasán creacháin coimthíoch.

6. Rí na bhfliatheas do dhealbhaigh tíortha;
Ré agus réalta, spéartha is taoide,
Go ndéana cúl go humhal dár muintir,
Is go raibh an cluiche seo acu gan righneas.

7. Ó chím an cás mar atá ag ár muintir,
Is go bhfuail na búir go dlúth ‘na dtimpeall,
Preabfad chun siúil anonn thar taoide
Is tiocfad anall le Francaigh líofa.

8. Go bhfeiceam Éire saor gan daoirse,
Is an bhratainn uaithne in uachtar scaoilte,
Gach tíoránach claoin-cheardach, coimhthíoch,
In ainm an diabhail, is gan Dia dá gcoimhdeacht.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line