Chuaigh Mé 'na Rosann or I went to visit the Rosses

Line
Melody -
Line

Chuaigh mé 'na Rosann ar cuairt
Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
Is thart fá na h-oileáin ó thuaidh
Mar eilit agus cú 'na diaidh.

2. Sé dúirt gach duine fá'n chuan
Nuair a tharlaigh mé anuas fá'n chéidh
Nach maith a aithním ar do ghruaim
Gur fear thú a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh.

3. Casadh dom a' cailín deas óg
Ach má casadh 'sí a labhair go gar
Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig
Cha mholaim rómhór do thrade (cheird).

4. Chonnaic mé fear ar thír mór
'S é ag siúl gan bhróg inné
Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg
'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh.

5. D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg
Ghlac sí go mór mo scéal
Stad de do mhagadh níos mó
Nó ní duine den tseort sin mé.

6. Ach suigh thus' anall 'e mo chóir
Is bí thus' ar aon nós lion féin
Nó rachaidh mé os coinne do shrón'
Amach go tír mór le léim.

7. Thit muid i dtuirse 's i mbrón
Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom
Cá bhfuigheas muid gloine le h-ól
A thógfas an brón d'ár gcroí?

8. Tá teach beag ar leath-taoibh an róid
Agus coinníonn sé i gcónaí braon
Gabh thusa 'gus rappail an bord
'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.

9. Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil
Agus b'fhaiteach go leor mé le suí
Ar eagla go dtiocfadh an tóir
Is go mbainfí an óig-bhean díom.

10. Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir
Is mheas mé gur chóir dúinn suí
Sé dúirt sí: Bí thus' ag gabháil cheoil
'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.

11. Cha rabh mis' i bhfad ag gabháil cheoil
Gur chruinnigh go leor 'un toigh'
Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn
Le comhmóradh a thabhairt don dís.

12. Bhí biotáilte fairsing go leor
A rabh beagán dá ól sa tír
'S dá dtarraingeoinn-se galún Uí Dhomhnaill
B'fhurast mo scór a dhíol.

13. Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón
Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean díom
Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá
Nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?

14. Bím-se seal 'dtoigh an óil
Cha deánaim-se lón don phingin
A' meid údaidh a shaothraím sa lá
A chathamh le spórt san oích'.

15. Má's fear thú a leanas don ól
Cha mholaim rómhór do thrade
Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa
Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil.

16. Is fearr dúinn fanacht go fóill
Go ndeánaidh muid lón don phingin
Is go rabh againn an t-ór
Is cuidiú d'ár gcóir aríst.

17. Le fanacht go ndeánaidh muid lón
Caithfear cuid mhór d'ár saol
Is fearr dúinn toiseacht go h-óg
'S beidh cuidiú d'ár gcóir aríst.

18. Do leithéid char casadh go fóill
Dom i mbealach ná i ród 'mo thriall
'S dá mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór
Gheobhainn cailíní óg' ar phingin.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line